europass
europass
An chéad chéim eile

D’uirlis phearsanta saor in aisce a chabhróidh leat dul i mbun foghlama agus oibre san Eoraip

Aimsigh

    Ag obair san Eoraip

    An bhfuil post nua á lorg agat? Cabhróidh Europass leat an post ceart a aimsiú: 

    • Poist a chuardach ar fud na hEorpa
    • moltaí faoi phoist a oireann do do phróifíl agus na nithe ina bhfuil suim agat
    • do CV, litir chumhdaigh agus iarratais ar phoist a ullmhú 
    • ailt maidir le do ghairm bheatha a phleanáil agus a bheith ag obair i dtír eile 

    Cruthaigh do chuntas Europass inniu agus tóg an chéad chéim eile i do ghairm bheatha.

    Déan do scileanna digiteacha a thástáil

     

     

    Déan an triail shimplí seo chun cabhrú leat an leibhéal scileanna digiteacha atá agat a thuiscint. Nuair a bheidh an triail críochnaithe agat, gheobhaidh tú tuairisc mhionsonraithe ina mbeidh cur síos ar do mheánleibhéal.

    Girl pointing out to Test your digital skills

    Cruthaigh CV

     

     

    Is féidir CV nó a lán CVanna a chruthú laistigh de chúpla clic ar do phróifíl Europass nó iad a chruthú ó bhonn. Is féidir leat an uirlis a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phost, ar dheiseanna oideachais nó oiliúna agus ar obair dheonach. Féach ar fhíseán teagaisc gearr.

    Cruthaigh litir chumhdaigh

     

    Le Europass tá sé chomh héasca agus is féidir Litir Chumhdaigh a chruthú a sheasann amach agus a leanann an struchtúr caighdeánach. Is féidir leat litreacha cumhdaigh a chruthú, a stóráil agus a roinnt i 31 dteanga, sin agus teimpléid éagsúla a roghnú chun d'iarratas a chur in oiriúint agus na teimpléid sin a roinnt go héasca ó do Leabharlann Europass. Féach ar fhíseán teagaisc gearr.

    An chéim shábháilte: Gach eolas faoi 2FA

     

     

    An raibh a fhios agat go n-úsáideann gach beirt as triúr an pasfhocal céanna i ngach áit? Fágann sé sin go mbíonn sé éasca do haiceálaithe rochtain a fháil ar shonraí pearsanta. Coinnigh do chuntas Europass níos sábháilte trí chéim bhreise cosanta a chur leis an logáil isteach dhá chéim. Níl de dhíth ort ach d’fhón cliste agus an aip EU Login.

    woman typing on the computer

    5 mhilliún úsáideoir cláraithe le Europass

    Tá sé oifigiúil – tá 5 mhilliún úsáideoir cláraithe le Europass agus bíonn an t-ardán ag fás i gcónaí ó thaobh méide agus cáilíochta de.  Ar úsáid tú na huirlisí iontacha uile atá ar fáil ag Europass? Rinneadh feabhsuithe suntasacha ar uirlisí Europass, bunaithe ar d’ionchur. Anois iarraimid ort do scéal pearsanta Europass a chomhroinnt linn chun deis a fháil é a bheith foilsithe ar ár suíomh gréasáin ar a bhfuil béim á cur ar an mBliain Eorpach um Scileanna. Glac páirt inár bpobal ina bhfuil 5 mhilliún úsáideoir agus bí páirteach i scéal ratha Europass!

    a happy person pointing to the number 5

    Tusa agus Europass