Todhchaí na hEorpa
An 13 Nollaig 2007 rinne Cinn Stáit nó Rialtais Bhallstáit uile an Aontais Conradh Liospóin a shíniú. Is cuspóir don chonradh an tAontas a dhéanamh níos éifeachtaí, níos daonlathaí, agus níos trédhearcaí. Is fearr a bheidh an Eoraip in ann dul chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin straitéiseacha atá roimpi inniu. Ach cad faoin lá amárach? Ní mór dúinn aisling den Eoraip feasta a shainiú. Ní mór dúinn tusa a bheith aislingeach d'fhonn cabhrú linn chun Eoraip an lae amárach a mhúnlú. Conas is dóigh leat gur chóir don Eoraip a cumas cinnteoireachta nua a úsáid? Ar cheart ról na hEorpa i gcúrsaí idirnáisiúnta a mhéadú? Cad iad na trí bheart is tábhachtaí is ceart don AE a mholadh sa ghearrthéarma? Déanaimis aisling le chéile den Eoraip a bheidh!
Useful links
- Conradh Liospóin
- Suíomh gréasáin na sochaí sibhialta
- Príomhchéimeanna athchóiriú institiúideach an Aontais Eorpaigh