Democracy - Dialogue – Debate: The Todhchaí na hEorpa
Faoi shuíomh gréasáin 'Debate Europe'
Daonlathas, comhrá agus plé – sin iad na trí bhealach atá in úsáid ag an gCoimisiún Eorpach go gníomhach chun éisteacht le saoránaigh agus comhrá leo.
Tá tábhacht le do thuairim: ag tarraingt isteach daoine ó gach réimse saoil, bainfidh an Coimisiún feidhm as an bhfóram seo chun tuairim an phobail a mheas. Beidh deis agaibh bheith i dteagmháil lena chéile agus le foireann na bhforas Eorpach.
Na dúshláin is mó roimh an Eoraip is ábhar don phlé seo: seo do dheis chun do chuid tuairimí is ábhar imní a chur in iúl.
Chun páirt a ghlacadh sa phlé, ní mór do shonraí a chlárú ar dtús.
Tá foireann Debate Europe ag tnúth le do thuairimí!