Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Teagmháil | Cuardach
EUROPA > Debate Europe > An tAthrú Aeráide agus Fuinneamh

Gearrthóga Athrú Aeráide

An tAthrú Aeráide agus Fuinneamh

Glac páirt san fhóram! - Do thuairim uait faoi bheartas athrú aeráide an AE!

Athchúrsáil do bhruscar, tóg iompar poiblí, cuir isteach bolgáin solais a choiglíonn fuinneamh – tá an feachtas chun an t-athrú aeráide a stopadh faoi lánseoil!  Ach b'fhéidir go bhfuil tú báite san áibhéil. Seans gurb iomarcach leat an chaint uile faoi ghearradh carbóin, faoin seach-chur, faoi do rian coise carbóin a ríomhadh.  B'fhéidir gur ábhar imní leat go gcuirfidh spriocanna astaíochta gáis an AE isteach ar chúrsaí gnó nó ar do shlí bheatha.  Nó b'fhéidir gur cúis bhuartha duit nach leor a bhfuil ar siúl faoi chaipíní oighir ag leá, faoin méadú ar na tuilte nó an ró-bhrothall.  B'fhéidir nach leor leat spriocanna an AE.  B'fhéidir gur mhaith leat go gcrurfeadh gach duine níos mó spéise i gcúrsaí aeráide.  Bíodh tú i do sceipteach aeráide, i do chomhshaolaí daingean, nó i do shaoránach imníoch, seo é do dheis do thuairim a thabhairt faoin ábhar seo agus í a phlé de daoine eile.